Go ndéana briathra mo thiarna an rí,’ a dúirt mé liom féin, ‘mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.’ Go raibh an Tiarna do Dhia leat!”
D'fhonn athrú treo a chur ar do chúrsaí a rinne do shearbhónta Ióáb mar sin; ach tá eagna mar atá ag aingeal Dé ag mo thiarna; tá fios gach a dtarlaíonn ar talamh aige.”
Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.
Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”
agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.
Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”
Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.