Níl d'fhaoiseamh agam ach labhairt, Osclóidh mé mo bhéal agus tabharfaidh mé freagra.
Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin, Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
Cé rachaidh chun aighnis liom? Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.
Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin; Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach;
Tugaigí cead cainte domsa chomh maith Agus nuair a bheidh deireadh ráite agam, ar aghaidh le bhur bhfonóid.
Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite, Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.
Ní bheidh lé agam le haon duine, Ná ní bheidh mé ag bladar le fear ar bith.
Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis? Ach cé a d'fhéadfadh fanacht ina thost?