Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu, Ná freagra ina mbéal.
Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.
Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint; Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.
D'fhan mé nó gur éisteadar, Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.
Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.
An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtar,
Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile,
Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.
Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t‑olc!’