Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint; Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.
Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna, Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].
Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu, Ná freagra ina mbéal.
Bréagnaigh mé, más féidir duit; Réitigh fód do sheasaimh romham.