Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra, Agus cluas agam do bhur ráite gaoise; Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,
D'éisteadh daoine liom go foighneach, Agus thugaidís cluas do mo chomhairle gan focal astu.
Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d'osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach.
Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom! Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”
Bhí aird agam oraibh. Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú; Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.
Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean.
Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air.
Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl, nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.
Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.