Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.
Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.
Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.
Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.
Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’
Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”