do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha.
Chuadar i leataobh ansiúd chun dul isteach an oíche a chaitheamh i nGibeá. Chuaigh an Léivíteach isteach agus shuigh i lár cearnóige poiblí na cathrach, mar nár thug aon duine bheith istigh dó ina theach chun an oíche a chaitheamh ann.
D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”