Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!
Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.”
“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.
Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.
Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.