Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.
Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leat cás do bhráthar lá a mhí-áidh; go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá, lá a mífhortúin, agus maíomh lá na duainéise.
B'olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach, lá a mhillte, gur gheal leat a thubaiste, lá a mhillte, agus go ndearna tú creach ar a mhaoin, lá a mhillte.