Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír.
Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!
Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.
agus déarfaidh mé le m'anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’
Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.