Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 31:21

An Bíobla Naofa 1981

Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.

Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

Óir d'fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé, Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.

Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,

Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta?

Agus gan é do mo bheannú ó chroí, Agus lomra mo chaorach á théamh?

Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.

Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta; déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil.

d'éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.

Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.

Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí