Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 31:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus gan é do mo bheannú ó chroí, Agus lomra mo chaorach á théamh?

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.

Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm, Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm.

Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháis Agus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.

An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach, Nó fear bocht gan bhrat,

Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?

Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit, agus na gabhair cíos do ghort,

do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.

nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,

“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair.

Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí