Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 31:12

An Bíobla Naofa 1981

Coir a d'adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón. Agus a dhófadh m'fhómhar go léir.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.

Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge.

Tá Seól tarrnocht os a chomhair, Agus Abadón gan bhrat.

Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar; Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!

Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.

An féidir le duine tine a iompar ar a ucht gan a chuid éadaigh a dhul trí thine?

Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.

Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.

Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí