Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.
chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.
Má mealladh mé riamh ag bean, Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan,
Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse.
Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d'amharc romhat amach.
Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;
Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.