Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu! Táim i mo sceith béil acu.
Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.
Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha; Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.
Síol gan uaisleacht gan mheas, Scriosadh iad as an tír.
Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana, cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,
Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh; rug tú bua orm; ba thú ba threise. Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine.
Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir, mé i m'ábhar aoire acu ar feadh an lae.
D'oscail ár naimhde go léir a mbéal inár n‑aghaidh.
Bíodh siad ina suí nó ina seasamh, féach gur mise is ábhar aoire acu.