Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor, Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.
Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé, a dhorn in aghaidh gach duine agus dorn gach duine ina aghaidh, agus é ag spairn lena bhráithre go léir.”
Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.
Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta, In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.
Síol gan uaisleacht gan mheas, Scriosadh iad as an tír.
An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda?
Féach, bhí brat de dheilgneach air, é clúdaithe le neantóga agus a bhalla cloch leagtha ar lár.