Gabhaim timpeall go dubhach, gan [sólás ar fáil dom]. Seasaim sa chomhthionól, ach is le glaoch ar chabhair.
Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
Tá mo chruit i dtiúin don olagón, Agus m'fheadóg do ghlór lucht an chaointe.
Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu de dheasca mo dhíchéille féin.
Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá orm de lá agus canfaidh mé ceadal san oíche do Dhia mo bheo.
Óir is tú mo dhídean, a Dhia, cén fáth ar theilg tú uait mé? Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach agus mo namhaid do mo chiapadh?