Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 3:25

An Bíobla Naofa 1981

An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.

Scaoileadh uafáis liom, Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth, Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.

Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.

Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.

Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.

B'eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh - an Tiarna Dia a labhraíonn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí