Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 3:20

An Bíobla Naofa 1981

Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.”

Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.

Is cuma uasal agus íseal ansiúd, Agus tá an daor saor óna mhaistir.

D'fhuascail sé m'anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.”

Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh, Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air.

Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.

Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis, agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;

Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh, a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíos agus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?

Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí