Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?
Agus dúirt sise: “Féach m'ionailt Bileá; luigh léise i dtreo go mbéarfaidh sí clann ar mo ghlúine; tríthise beidh clann agamsa mar an gcéanna.”
Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.
Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?
Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.