Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”
San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”
Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.”