Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís; Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne.
Agus dúradar leis: “Maireann Iósaef i gcónaí agus is rialtóir é ar chríocha uile na hÉigipte.” Agus tháinig suaitheadh croí air mar ní chreidfeadh sé iad.
Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d'osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach.
Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach; Agus bhínn mar rí i measc a shluaite, Agus mar shólásaí do lucht an chaointe.
Amhrán Oilithreach. 1 Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais, ba chosúil le lucht aislinge sinn.
Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.
Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir; gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.
Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?”