Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 29:16

An Bíobla Naofa 1981

Ba athair mé don bhochtán, Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala a mháistir na focail a labhair a bhean leis: “Mar sin a rinne do shearbhónta liom,” las sé le fearg.

“Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”

Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.

Ghoil mé go deimhin ar son lucht an tsaoil bhrónaigh, Agus chaoin mé cás an bhochtáin.

Óir bhí [Dia] mar athair agam do m'oiliúint ó m'óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.

Nár dhúirt lucht mo bhotha: “An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”

Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid; Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].

Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú! Do lámha laga thug tú neart.

Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm, déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta; gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.

Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta.

Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe.

Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht, ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.

Tá mé chun a ghléasadh i d'ionarsa, chun é a fheistiú le do shursaing, agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh, agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim, agus ag teaghlach Iúdá.

Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach,

ansin déan fiosrú i dtaobh an scéil agus fiafraí agus diancheistiú. Má chinntítear agus má dheimhnítear gur tharla rud gráiniúil dá shórt in bhur measc,

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí