Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 28:7

An Bíobla Naofa 1981

Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche, Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.

Is leaba saifírí a chlocha, Agus ór is luaithreach aige.

Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin, Ná níor leag an leon a chosa air.

Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais? Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?

Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintrí Mar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain?

Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí