Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,
Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc; Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.
An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú, Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?
Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!
Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh? Agus cé shín an dorú ar a fad?
Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.
Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?