Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 28:16

An Bíobla Naofa 1981

Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

trí mhíle tallann óir d'ór Óifír, agus seacht míle tallann airgid athleáite, le ballaí na bhfoirgneamh a chumhdach.

Ní féidir í a cheannach ar ór, Ná díol aisti le meáchan airgid.

Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi, Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.

Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí; seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d'fhiolagrán óir.

Buinní óir ar a lámha go n‑iliomad flannchloch. A chabhail mar an t‑éabann bán, agus í breac le saifírí.

Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir, níos teirce ná ór Óifír.

A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.

Ba ghile a flatha ná an sneachta; ba bháine iad ná bainne; ba dheirge corp iad ná an coiréal agus ba chosúil le saifír a gcló.

bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí