Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 28:13

An Bíobla Naofa 1981

Ní eol don duine an bealach chuici, Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,” Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”

Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d'ór agus d'airgead.

Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.

Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.

Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas, an t‑éitheach ná an fhírinne.

Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.

Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.

Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.

Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó i dtír na mbeo, ní fheicfidh mé a thuilleadh aon duine de mhuintir an tsaoil seo.

Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é; cé atá buartha faoina chríoch? Sea! Teascadh é as tír na mbeo; as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.

11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”

“Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí