Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 27:8

An Bíobla Naofa 1981

Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó, Agus ag ardú a anama chun Dé?

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.

Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna.

Sé a bheidh mar shlánú agam, Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.

Óir níl an rath ar chuideachta na n‑urchóideach, Agus loscfar bothanna na breibe le tine.

Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.

Droch-chríoch ar m'eascara, dála an urchóidigh, Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.

Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?

A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal

Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?

“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal?

Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.

Agus ar fhilleadh daoibh, shil sibh deora i láthair an Tiarna; ach níor éist an Tiarna le bhur nglór ná níor thug sé cluas daoibh.

An lá sin glaofaidh sibh amach os ard mar gheall ar an rí a thoghfaidh sibh daoibh féin, ach ní éisteoidh an Tiarna libh an lá sin.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí