“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí den Chúiseach. D'fhreagair sé siúd: “An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne d'aimhleas lena gceannairc.”
Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.