Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?’
Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste.
Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”
Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.
Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?
An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.