Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh, Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.
Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.
Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.
Cruinníodh sé airgead mar luaithreach, Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré.
Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh, Agus a líonadh a dtithe le hairgead;
Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?
Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir; mar díothófar an lucht trádála go léir agus scuabfar chun siúil lucht meáite uile an airgid.