Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.
Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,
Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe.
Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
Cailltear an seanleon d'uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.
Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce; agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.
Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.
Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’
Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.
Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas.
Reic an sách é féin ar arán, Ach tá cothú maith arís ar an seang. Tá seachtar clainne ag an aimrid, Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.