Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
An mbeidh deireadh le bladhgar briathar? Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé?
Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.
Tugaigí cead cainte domsa chomh maith Agus nuair a bheidh deireadh ráite agam, ar aghaidh le bhur bhfonóid.
A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé, Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.
Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach, Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.
Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin.