Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 27:11

An Bíobla Naofa 1981

A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé, Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?

An é an tUilechumhachtach is gean leis? An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?

Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.

Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.

Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia, agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.

Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom, nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh ó shlí an phobail seo a leanúint.

nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe;

Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí