Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.
Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:
Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann: