Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos, Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.
Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.
Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite? Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?
Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha. Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna; is chugat a shínim mo lámha.