Níl an ghealach féin geal, Ná na realtaí glan ina láthair.
Fear a rugadh ó bhean, Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró,
Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir, Nó niamh na gealaí ina cúrsa,
Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.
Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?
Is dílis tú don duine dílis, is ionraic tú leis an duine ionraic.
Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.
Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth.