Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamh ach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil, agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite.
Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.
a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.
a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,
Ach de bhrí gur imir an t‑athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.
de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m'ainm naofa,
Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”