Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”
Ansin chonaic mé lucht míghníomha á gcur le barr toirtéise: agus nuair a thagadh na daoine ón áit naofa, mholtaí an lucht mí-ghníomha sa chathair mar a ndearna siad a ndrochbhearta. Baois is ea é seo go deimhin.
Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.
An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!