Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 24:16

An Bíobla Naofa 1981

Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin.

An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile.

“Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.

“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.

Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí