Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 24:10

An Bíobla Naofa 1981

Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna. Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.

Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,

Más bochtán é ná codail ina gheall.

“Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir.

Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí