Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 23:6

An Bíobla Naofa 1981

An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais? Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Bog díom do lámh, Agus ná bím ar crith le heagla romhat!

D'fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé, Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.

Más neart atá i gceist - siúd é an tUilechumhachtach! Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?

Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.

Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort; agus chuir tú le neart m'anama.

Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!

Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.

Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge.

agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí