Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair Agus bheadh clab orm le hargóintí.
Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ”
Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia.
Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
D'fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé, Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.
Múin dúinn cad tá le rá againn Mar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais.
An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
Ar mhaithe le d'ainmse, a Thiarna, maith dom mo pheaca, óir is mór é.
Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).
Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.