Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn: déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách. 8 Tá triall na n‑éagráifeach inár dtimpeall do gach leith agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.