Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 22:5

An Bíobla Naofa 1981

Nach mór í d'urchóid, Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn?

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -

Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.

Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,

Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach.

Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.

Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].

Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh; Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.

Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne mo chaomhnú choíche.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí