Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 22:18

An Bíobla Naofa 1981

Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?

Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.

“Ní ar a láimh féin atá a gconách, Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”

Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle lucht na héagráifeachta; nach seasann i slí na bpeacach, agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;

Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.

Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí.

ach níor fhág sé riamh iad gan fhianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus d'áthas.”

‘Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin, agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár. Deiseoidh mé a fothracha agus cuirfidh mé ina seasamh arís í.

Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir. Leagann ar lár agus ardaíonn in airde.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí