Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.
Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.
murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n‑éagráifeach;