Cén chiall mar sin atá le bhur sólás baoth? Maidir le bhur bhfreagraí, níl fágtha iontu ach bréag!
Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
Ansin d'fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt:
Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].
Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.