Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,
Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh Dé Agus oidhreacht a uaille ó Dhia.
Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu.
Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha? Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?”
Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].
Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.
Is fíor iad do phroiceapta uile - fóir orm; déantar mo chrá gan chúis.
Féach! téann siad in oirchill ar m'anam; déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne; gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,
Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?
Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.