Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.
Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”